Is cuimhin liom go minic agus é ag rá linn agus muid beag ag imirt sacair ó dhubh go dubh agus seans fiú ag casaoid agus ag gearán fá líon na gcluichí nó líon na n-oícheanta traenála, nuair a nach raibh fonn ort dul, ba ghnách leis a a rá liom, “You’re a long time not playing son!”
Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, an rud a bhí sé ag rá ná, bain sult as, ná déan talamh slán de. Tiocfaidh an t-am agus ní bheidh tú ábalta. Bhuel, tá an t-am sin ann le tamall anois domhsa!
Ar bhealach, tá an chomhairle a thug sé go flaithiúil tarcaisneach cosúil leis an seanfhocal Conallach atá greannta ar uaigh an Ghaeil iomráitigh, Albert Fry.
“Nuair a chríonas an slat, ní bhíonn uirthi tlacht, mar a bhíos ar na crannaibh óga.”
Bhí fiche ruaim ar shlat Albert Fry, peil ina measc, imreoir contae a bhí ann chomh maith le laoch teanga. Bhí cúrsaí spóirt lárnach ina shaol, CLG, na Piarsaigh agus Aontroim. Ileolaí a bhí ann.

Ar uairibh, glacann cúrsaí spóirt seilbh ar gach rud i dteach s’againne. Bíonn mo theaghlach gnóthach macasamhail na mílte teaghlach eile ar an oileán seo, CLG, sraitheanna, craobhacha, síobanna, grúpaí Whats App, tá a fhios agaibh.
Taitníonn gach cineál spóirt liom, spóirt foirne agus spóirt aonair. Tá a fhios ag an tsaol mhór na buntaistí a bhaineann le spórt i saol an duine óig, go háirithe sna laethe seo agus na gutháin phóca agus na scáileáin i mbarr a réime. Dúshlán agus cathú nach raibh ann domhsa sna hochtóidí agus mé ag teacht i gcrann.
D’imir mé féin, mo dheartháir, mo chairde ar an tsráid, mo chairde scoile agus mo chairde sa chumann óige, sacar ó mhaidin go hoíche. Sacar sráide.
Cuimhním na cluichí sráide ar nós, Hunt, Team Hunt, Rallio, Kick the Tin agus neart eile. Rith muid agus rith muid, ansin ‘na bhaile agus d’ith muid, ansin amach arís gur thit an dorchadas! Sa samhradh, bhí na rothair iontach lárnach inár gcuid éachtraí! Laethe órga, cinnte, thriail muid Bike Hunt, cluiche contúirteach ….. sultmhar!
Lean muid spóirt eile fosta. Dá mbeadh Wimbledon ar an teilifís, d’imir muid leadóg, tharraing muid cúirt leadóige le cailc ar an dromchlá chothrom sa cul-de-sac agus chum muid ár rialacha féin!
Ina theannta sin, thriail muid rugbaí, peil Mheiriceánach agus cispheil. Gan amhras, bhí na cluichí náisiúnta lárnach, ach mhothaigh mé i gcónaí nach dtiocfadh leat peil Ghaelach a imirt ar an tsráid. D’imir muid iomáint, ar an drochuair, bhris muid neart fuinneog. Ní raibh na sliotair bhoga ann blianta ó shin! Bhí dúil mhór agam sa liathróid láimhe agus d’imir muid cuid mhór ar an mheánscoil idir na mbóthán i Scoil La Salle.
Ní raibh cúrsaí aclaíochta agus cúrsaí spóirt mo ghlúine féin chomh heagraithe sin is atá cúrsaí inniu, i mo bharúil. D’fhoghlaim tú ar an tsráid, sa chlós, nó ó do chara nó ó do dheartháir nó ó do dheirfiúr. Ní raibh an t-airgead ná an t-am ag daoine.

D’imir mé spórt eagraithe ar scoil, sa chumann óige agus le mo chumann sacair St. Oliver Plunkett. Ar ndóighe, bhain mé sult as, ach bhí rud éigin fiain agus cráiceáilte fá chluichí sacair ar an tsráid. Twenty half, Forty game, fly nets agus last man back does nets, Play on, srl! Cótaí do chuaillí, Coats for Goalposts!
Ba ghnách le m’athair féin, a chothaigh mo shuim féin sa sacar a rá liom i dtolamh, “You’re a long time, not playing!” Bhí an ceart aige, ní hé nár chreid mé é, ach mhothaigh mé go raibh neart ama agam bheith ag imirt agus d’imigh sé i bpreababh na súl. Imithe, thart, san aimsir chaite.
I bhfaiteadh na súl, tá mo chuid gruaige ag dul liath agus mo ghlúin ró-nimhneach do 5 a thaobh fiú!
Anois, bím ag rith! Reathaíocht. Ag rith ar shiúl ó mo dhualgaisí tí! Is grá liom é.
Cén fáth an reathaíocht?
Bhuel, gabh taobh amuigh faoin spéir, in amanntaí an rud is deacra ná do bhróga reatha nó siúlóide a chur ort agus dul thar thairseach do thí. Agus tú amuigh…..sin tú.
Má bhí tú aclaí go leor ar dhóigh ach d’éirigh tú as, in amanntaí, is féidir leis bheith deacair pilleadh. Ach, bí ionraic leat féin. Ná cláraigh fá choinne Spar 10k maidin Lá na Féile Pádraig muna rith tú 5k riamh roimhe!
Áfach, bíonn sé trom muna mbíonn tú cleachtaithe. Ar an bharr sin, thig linn uilig bheith ag rith, bíonn leanúnachas iontach go deo tábhachtach. Ní bhíonn ballraíocht gym i gceist ach oiread!

I dtosach báire, ná habair go dtabharfá faoi Park Run i bPáirc na bhFál nó i nGleann Chollán muna bhfuil tú ábalta bheith ag rith ar feadh deich mbomaite fiú! Tabhair spriocanna beaga insroichte duit féin. Abair trí bhomaite ag rith, ansin trí bhomaite ag siúl, coinnigh ort go bhfeicfidh tú!
Fosta, bí maith duit féin, is minic go mbíonn friochadh agam i ndiaidh domh bheith amuigh ag rith! Nó cupa caife agus seacláid. Tuillte agat!
Mar sin féin, caithfear bheith leanúnach, b’fhearr i bhfad i mo bharúil féin rith fiche bomaite, leathuair ceithre huaire sa tseachtain nó rith fada amháin maidin Dhomhnaigh a mhaireann uair go leith. Faraor, is beatha duine a thoil
Cúig Rud is fearr in Iarthar Bhéal Feirste le cuidiú leat bheith níos ACLAÍ.
Eolas uilig ar líne.
Grúpa Siúlóide Gerard Mulhern PG Media- béim ar an mheabharshláinte agus ar an aclaíocht. Gerard Mulhern@puntersg
Park Run- cláraigh ar líne www.parkrun.org.uk Rith seachtainiúil gach maidin Shathairn fud fad Bhéal Feirste agus na hÉireann- Páirc na bhFál agus Gleann Chollán.
An Cosán Tarraingthe/ The Towpath- seoid ar leac an dorais againn faoin spéir. Gabh ag rith, gabh ag siúl, gabh ag siúl agus gabh ag rith!
Club Reathaíochta Loch Lao- grúpa Gaeilgeoirí a thagann le chéile ag Glór na Móna/Anam.
Cluain an Bhogaidh, na Reiligí, na páirceanna, ar fad oiriúnach don reathaíocht agus don tsiúlóid!
Bainigí sult!
