“Are you working in an Irish school or a normal school?”

Cuireadh an cheist seo orm agus mé ag foghlaim mo cheird le bheith i mo mhúinteoir, san ollscoil ina raibh mé ag foghlaim na ceirde sin. D’imigh sin agus tháinig seo!
“Are you working in an Irish school or a normal school?”

Bunaíodh an scoil seo in 1993 le seisear dalta. An mórsprioc a bhí ann ná nach mbeadh ar thuismitheoirí imeacht ón cheantar agus freastal a dhéanamh ar na gaelscoileanna a bhí bunaithe i gceantracha eile. Is é mo thuairim idir daltaí agus iardhaltaí go bhfuair a bheag nó a mhór míle páiste oideachas sa scoil seo ón lá a bunaíodh í.

Ghlac muid mar threoir mian na dtosaitheoirí; saol trí Ghaeilge a bheith ar fáil. Ní leor scoil, ach is bunchloch láidir sheasmhach an scoil le fás na Gaeilge a bheith i mbéal an phobail.

Phós na Gaeil a bhí gníomhach spriocanna an phobail Ghaelaigh le spriocanna eile sa cheantar, rud a bhí straitéiseach agus fadradharcach. Bhí baint ag na Gaeil le tithíocht agus fostaíocht agus cúrsaí óige agus teaghlaigh. Bhí siad ag forbairt ar mhaithe leis an phobal ar fad. 

Seo rud a rinne Bóthar Seoighe, seo rud a rinne Whiterock Industries, seo rud a rinne Muileann Chon Muidhe, ní raibh siad dall ar fhorbairt pobail mar gheall ar thosaíochtaí inmheánacha s’acu féin. 

Cuirim na heagraíochtaí i mBéal Feirste i gcás, Forbairt Feirste, Gaelchúrsaí, Ionad Uíbh Eathach, Cumann Mhic Reachtain, agus inár gceantar féin, Glór na Móna. Labhróidh mé ar an eagraíocht is mó naisc le mo scoil féin, Glór na Móna. Siar sa lá bhíodh An Club Eachtra ann, eagraíocht óige a d’fhorbair géag gnó ina measc. Nuair a d’fhág an scoil an talamh a raibh muid suite air, bhí fís ag daoine óga úsáid a bhaint as chun tosaíochtaí eile, nasctha, a chur i bhfeidhm. Bhí ceachtanna foghlamtha acu agus cé gur í an Ghaeilge príomhghnó na heagraíochta, bíonn aird acu ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, cúrsaí phobail agus teaghlaigh, cúrsaí óige agus gnó, cúrsaí sóisialta agus spóirt. Seo an todhchaí, fréamhaithe sa stair.

Glór na Móna

Sa mhórcheantar seo, ó Ghaelscoil na bhFál i líne dhíreach tríd Coláiste Feirste, suas fríd Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, trasna go Gaelscoil na Móna, tá ag tarraingt ar 2000 páiste ag caint i nGaeilge gach lá agus iad ar scoil. Cé go scaipeann siad abhaile ag deireadh an lae, is sa cheantar seo an baile do chuid mhór acu. Is tríd Glór na Móna a thagann na freagraí atá de dhíth ar an phobal sin lasmuigh den earnáil oideachais, agus ní amháin maidir leis an teanga labhartha, ach dírithe ar linbh óga, meabhairshláinte, seirbhísí teaghlaigh agus óige, imeachtaí cultúrtha agus staire agus sóisialta. 

Cá bhfuil mé ag dul le seo? As an phobal a d’fhás gach scoil. Ach is contúirt amach is amach an todhchaí bheith ag toiseacht agus ag críochnú le lá na scoile. Sílimse gur ar an phobal a bheas an fhreagracht an chéad chéim eile a dhéanamh (atá déanta sa cheantar seo), go bhfuil an scoil mar chuid de ghréasán Ghaelach ach gur an pobal, i gcomhair leis an scoil, a dhéanann an Ghaeilge bheith mar thiománaí eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha, oideachasúil. Is ról s’agamsa sin a aithint agus a éascú tríd comhoibriú. Is ról s’agamsa mo chuid oibre bheith d’ard chaighdeán agus scoil den chéad scoth a bheith sa cheantar; ach má dhéanaim sin gan an cur chuige coláisteach ceantair, ní bheidh ann ach oideachas trí mheán na Gaeilge, in áit Gael Oideachais. Tá difear ann.

An pointe; is í an Ghaeilge a bheith go nádúrtha mar ghnáth chuid den lá ag an aonarach agus ag an teaghlach ó thús go deireadh an lae, gach lá. Ba mhaith liom níos mó pleanála fadtéarmaí a fheiceáil ag díriú ar Ghaelú, ar an todhchaí, ba mhaith liom níos mó scoileanna bheith ag fás ó níos mó cheantracha a bheas ag forbairt níos mó grúpaí pobail ag cur seirbhísí ar fáil don phobal, ar fud na hÉireann. Ba mhaith liom go n-aithneofaí an luach atá leis an chur chuige coláisteach ceantair agus dá bhunófaí scoil nach ndéanfaí é sin gan phlean ceantair a bheith nasctha leis. Ba mhaith liom pleanáil i dtreo earnáil na Gaelscolaíochta a bheith sárghníomhach i bhfás agus 7000 a mhéadú go 15000. 

Mar sin de, tá obair le déanamh againn, muid atá beannaithe le soláthar agus freastal pobail fiú. Tá sé de dhualgas orainn tacú leo siúd nach bhfuil an tseoid seo ina saoil. Sna luathlaethanta thacaigh scoileanna fadbhunaithe le scoileanna úra, beidh an struchtúr céanna de dhíth chun máthair eagraíocht a bheith ag eagraíocht/scoil nua nó óg, cineál d’uchtú eagraíochta. Creidim go docht go n-éireoidh níos fearr le gach scoil más rud é go bhfuil an fhorbairt pobail ina bhfuil sí mar thosaíocht ag na Gaeil sa cheantar sin. 

Mar dheireadh, ba mhaith liom aithint a thabhairt do na fir agus mná agus muid ag toiseacht amach nach oideachasóirí iad a thuig luach an oideachais, luach na Gaeilge agus luach an pháiste i bhforbairt phobail. Gan chruthaíocht agus chrógacht s’acu bheadh an t-ualach trom agus an sprioc i bhfad uainn.  

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge